#
A
B
C
D
E
F
G
H
I
J
K
L
M
N
O
P
Q
R
S
T
U
V
W
X
Y
Z
Soundtracks
|
Clannad Lyrics
Chuaigh Mé 'Na Rosann Lyrics
Chuaigh mé 'na Rosann ar cuairt Gur bhreathnaigh mé uaim an spéir Is thart fá na h-oileáin ó thuaidh Mar eilit agus cú 'na diaidh Sé dúirt gach duine fá'n chuan Nuair a tharlaigh mé anuas fá'n chéidh Nach maith a aithním ar do ghruaim Gur fear thú a bhfuil a' tóir 'do dhiaidh
Casadh dom a' cailín deas óg Ach má casadh 'sí a labhair go gar Má's fear thú a bhain do mhnaoi óig Cha mholaim rómhór do thrade (cheird)
Chonnaic mé fear ar thír mór 'S é ag siúl gan bhróg inné Is dóigh liom gur thusa 'n fear óg 'S go bhfuil ort an tóir 'do dhiaidh
D'fhreagair mé 'n ainnir dheas óg Ghlac sí go mór mo scéal Stad de do mhagadh níos mó Nó ní duine den tseort sin mé
Ach suigh thus' anall 'e mo chóir Is bí thus' ar aon nós lion féin Nó rachaidh mé os coinne do shrón' Amach go tír mór le léim
Thit muid i dtuirse 's i mbrón Is d'fhiafraigh an óig-bhean díom Cá bhfuigheas muid gloine le h-ól A thógfas an brón d'ár gcroí?
Tá teach beag ar leath-taoibh an róid Agus coinníonn sé i gcónaí braon Gabh thusa 'gus rappail an bord 'S ní dhíolfaidh do phócaí aon phingin
Tharlaigh muid 'steach i dtoigh 'n óil Agus b'fhaiteach go leor mé le suí Ar eagla go dtiocfadh an tóir Is go mbainfí an óig-bhean díom
Nuair a fuair muid gach ní mar ba chóir Is mheas mé gur chóir dúinn suí Sé dúirt sí: Bí thus' ag gabháil cheoil 'S ní dhíolfaidh do phócaí aon phingin
Cha rabh mis' i bhfad ag gabháil cheoil Gur chruinnigh go leor 'un toigh' Achan fhear is a ghloine 'n a dhorn Le comhmóradh a thabhairt don dís
Bhí biotáilte fairsing go leor A rabh beagán dá ól sa tír 'S dá dtarraingeoinn-se galún Uí Dhomhnaill B'fhurast mo scór a dhíol
Nuair a lig muid dúinn tuirse is brón Sé d'fhiafraigh an óigh-bhean díom Cá mbíonn tú 'do chónaí sa lá Nuair nach gcoinníonn tú cró duit féin?
Bím-se seal 'dtoigh an óil Cha deánaim-se lón don phingin A' meid údaidh a shaothraím sa lá A chathamh le spórt san oích'
Má's fear thú a leanas don ól Cha mholaim rómhór do thrade Nó chan iarrfainn ar dhuine de do sheort-sa Toiseacht le buaidhreadh an tsaoil
Is fearr dúinn fanacht go fóill Go ndeánaidh muid lón don phingin Is go rabh againn an t-ór Is cuidiú d'ár gcóir aríst
Le fanacht go ndeánaidh muid lón Caithfear cuid mhór d'ár saol Is fearr dúinn toiseacht go h-óg 'S beidh cuidiú d'ár gcóir aríst
Do leithéid char casadh go fóill Dom i mbealach ná i ród 'mo thriall 'S dá mbeinn-se i mBéal-an-Átha Mór Gheobhainn cailíní óg' ar phingin
|
|
|
|
|
|
Soundtracks
A
B
C
D
E
F
G
H
I
J
K
L
M
N
O
P
Q
R
S
T
U
V
W
X
Y
Z
#
|